Tá fáilte romhat go “Southbound Holiday Cottages”

Tá fáilte romhat go “Southbound Holiday Cottages”, atá lonnaithe i mbaile an Daingin agus i mBaile an Fheirtéaraigh, i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí.
Tá rogha de thithe galánta saoire againn i gCorca Dhuibhne. Tá leibhéal ard compórd ag gach tigh, mar aon le radharc iontach ar an bhfarraige, gairdín álainn, seomraí scópúla codlata, cistin le fearaistí nua, folcadán jacuzzi agus cithfholcadán multi-jet.
Gach aon rud a bheadh uait chun saol an mhaide bháin a chaitheamh, tá sé ar fáil sna tithe saoire seo againn-ne. Agus tá siad go léir lonnaithe go háisiúil ar imeall bhaile an Daingin agus i mBaile an Fheirtéaraigh.
Na Tithe sa Daingean
Tá na tithe saoire sa Daingean maisithe galánta nua-aimseartha, agus tá siad lonnaithe cúpla nóiméidín ó chroí bhaile breá an Daingin, lena chuid bialanna cáiliúla éisc, tithe tábhairne muinteartha traidisiúnta, siopaí ceardaíochta agus gailearaithe.
[A Thuilleadh Eolais]
Na Tithe i mBaile an Fheirtéaraigh
Tá na tithe saoire i mBaile an Fheirtéaraigh neadaithe i ngleann dea-chumtha glas cúpla céad slat ó bhaile beag pictiúrtha an Bhuailtín.
[A Thuilleadh Eolais]
Tá rud éigin do gach éinne ag “Southbound Cottages”. Má theastaíonn uait sásamh a bhaint as dúshlán na ngíomhaíochtaí go léir atá ar fáil, nó mara bhfuil uait ach do scíth a ligint agus síth agus ciúnas na háite a shú isteach, is fút féin atá. Tá aire na fola tugtha do dhearthóireacht agus feistiú na dtithe saoire seo, chun féachaint chuige go mbeidh compord na gcompord agat le linn do shaoire.
Chun teacht ar a thuilleadh eolais, nó chun ceann de na tithe a chur i n-áirithe, lean na nascanna seo leanas go dtí taobh an Bhéarla den suíomh.
- Áirithint a dhéanamh / Féachaint cad atá ar fáil
- Treoracha chun an áit a bhaint amach
- An Daingean – baile aoibhinn cois chósta
- Baile an Fheirtéaraigh – baile beag spéiriúil de chuid Chorca Dhuibhne
- Teangmháil |